Tíortha beagfhorbartha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tíortha atá i mbéal forbartha is iad na tíortha beagfhorbartha nó fiú na tíortha neamhfhorbartha (nó an tríú domhan, nó tíortha an tríú domhan, nó Less Developed Countries i mBéarla). An chuid is mó de thíortha an domhain, is tíortha beagfhorbartha iad.
Tá a lán fadhbanna le sárú ag na tíortha beagfhorbartha. Tá bochtanas mar thréith iontu chomh maith le cothú, sláinte is litearthacht ar chaighdeáin ísle, agus tionscal, iompar is cumarsáid neamhfhorbartha.
Is tíortha ilghnéitheach iad, agus tá riachtanais éagsúla acuː
- Tráchtearraí. Tá tíortha ina measc a tháirgeann ola, nó tráchtearraí eile, a bhfuil meánioncam ard acu uaireanta, ach b'fhéidir, gan tionscaIl agus tráchtáil, ag easpórtáil earraí talmhaíochta is mianraí. Tráchtearra is mó a onnmhairíonn siad. Mar shampla, an Araib Shádach.
- Geilleagar idirlinne. Tá tíortha ina bhfuil an earnáil thionsclaíoch ag fás is ag forbairt go tapa, ag teacht chun leibhéal na dtíortha forbartha nó á sárú. Mar shampla, Vítneam.
- Bochtanas. Tá na tíortha is maille san Afraic fíorbhocht fós, agus uaireanta buaileann gorta iad, ainriail pholaitiúil, is cogaíocht mharfach. Mar shampla, an Afganastáin.
- Méadú ar dhaonra. Fás gan stad an daonra
- Méadú san fhiachas náisiúnta. Uaireanta tá fiacha ag cur laincisí ar thíortha an tríú domhan. Mar shampla, An Airgintín.