Balla Bheirlín
From Wikipedia, the free encyclopedia
D’fhág Balla Bheirlín (An Ghearmáinis: Berliner Mauer) Beirlín scoilte ina dhá leath ón mbliain 1961 go dtí an bhliain 1989/1990. Ba shiombail chumhachtach é an ‘cuirtín coincréite’ seo ar na difríochtaí idé-eolaíocha, sóisialta agus eacnamaíochta a bhí le sonrú idir iarthar agus oirthear na hEorpa i dtréimhse an Chogaidh Fhuair.[1]
Balla Bheirlín | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Berliner Mauer | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Cordon (en) , foirgneamh nó struchtúr scriosta, díol spéise do thurasóirí, fortified line (en) agus separation barrier (en) | |||
Cuid de | Inner German border (en) agus Iron Curtain (en) | |||
Foirgníocht | 13 Lúnasa 1961 | |||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 9 Samhain 1989 | |||
Croineolaíocht | ||||
13 Lúnasa 1961 | construction of the Berlin Wall (en) | |||
9 Samhain 1989 | fall of the Berlin Wall (en) | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | scartáilte nó scriosta dúnta go buan | |||
Déanta as | coincréit threisithe | |||
Costas | 100,000,000 M | |||
Tomhas | 3.6 () m × 155 () km | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Beirlín, An Ghearmáin agus Beirlín Thoir, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine | |||
| ||||
Heritage monument in Berlin (en) | ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | berlin.de… | |||
Is iomaí ráiteas fíochmhar a chualathas ó lucht rialtais na Stát Aontaithe in éadan an bhalla seo a fhad is a mhair sé ina sheasamh, ach ní dhearna siad ní ba mhó ná sin, ar eagla go n-éireodh ina chogadh idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach.
Nuair a thit Balla Berlin sa bhliain 1989/1990, bhí sé ar cheann de na heachtraí ba shuntasaí i stair an fichiú haois.[2] Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.[3]