Is ban-aisteoir agus mainicín Francach í Brigitte Bardot (a rugadh ar an 28 Meán Fómhair 1934). Bhí cáil dhomhanda uirthi sna 1950í agus 1960í de bharr a cuid scannán agus a híomhá ghnéasúil.
Is feachtasóir ar son chearta ainmhithe Bardot le fada an lá. Is veigeán í agus creideann sí nár cheart úsáid a bhaint as an aon rud a thagann ó ainmhithe.
Agus i ag dul in aois, d'éirigh Bardot go mór i bhfách leis an eite dheas agus bhí a cuid tuairimí ag tarraingt conspóide uirthi féin uaireanta.