Comhaontú Aeráide Pháras
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is conradh idirnáisiúnta ar athrú aeráide é Comhaontú Pháras nó Comhaontú Aeráide Pháras (Fraincis:L'Accord de Paris), a glacadh sa bhliain 2015. Cumhdaíonn sé maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú agus, a deirtear, maoiniú. Shocraigh 196 pháirtí an Comhaontú ag Comhdháil 2015 na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (COP[1] 21 nó CMP 11[2] i mBéarla, CnaP[3] 21 as Gaeilge)[4] in aice le Páras, an Fhrainc.[5]
Cineál | conradh prótacal timpeallachta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Páras |
Cuid de | Creat-Choinbhinsiún na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide |
Dáta na bliana | 12 Nollaig 2015 |
Údar | na Náisiúin Aontaithe |
Daingniú | Daon-Phoblacht na Síne (3 Meán Fómhair 2016)
|
Dáta foilsithe | 12 Nollaig 2015 |
Teacht i bhfeidhm | 4 Samhain 2016 |
Suíomh | Páras, An Fhrainc Nua-Eabhrac, New York |
Sínitheoir | Daon-Phoblacht na Síne (22 Aibreán 2016) an Rúis (22 Aibreán 2016) an India (22 Aibreán 2016) an tSeapáin (22 Aibreán 2016) an Túinéis (22 Aibreán 2016) an Ghearmáin (22 Aibreán 2016) Ceanada (22 Aibreán 2016) an Chóiré Theas (22 Aibreán 2016) an Fhrainc (22 Aibreán 2016) an Iaráin (22 Aibreán 2016) an Tuirc (22 Aibreán 2016) Poblacht na Seice (22 Aibreán 2016) Andóra (22 Aibreán 2016) an Astráil (22 Aibreán 2016) Aontas Eorpach (4 Samhain 2021) |
Taisce | Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla, an Araibis, an Spáinnis, An tSínis, an Rúisis agus an Fhraincis |
Sprioc | climate resilience (en) , adaptation to global warming (en) agus maolú an athraithe aeráide |
Cúis | téamh domhanda |
Ba chúis leis | United States withdrawal from the Paris Agreement (en) |
Obair iomlán ar fáil ag URL | unfccc.int… |
Ba ea é sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras an t-ardú ar mheánteocht dhomhanda a choinneáil faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
Trí bliana ina dhiaidh sin, in 2019, chinn an IPCC (Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe) an méadú a theorannú go 1.5 °C, a dúradh.[6][7] Ach níor cuireadh aon mheicníocht iallach ar thír maidir le hastaíochtaí a laghdú. Chun fanacht faoi 1.5 °C, ní mór astaíochtaí a ghearradh faoi 50%, a bheag nó a mhór, faoi 2030.[8]