Conradh Liospóin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is conradh Eorpach é Conradh Liospóin. Shínigh ballstáit an AE é i bpríomhchathair na Portaingéile ar an 13 Nollaig 2007. Ghlac muintir na hÉireann le Conradh Liospóin ar an 2 Deireadh Fómhair 2008 agus iad ag vótáil don dara huair.[1][2]
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Cineál | treaty of the European Union (en) | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Liospóin | |||
Dáta na bliana | 13 Nollaig 2007 | |||
Teacht i bhfeidhm | 1 Nollaig 2009 | |||
Príomhábhar | Aontas Eorpach | |||
Suíomh | Liospóin, An Phortaingéil | |||
Tír | an Phortaingéil | |||
Baint le limistéar údaráis | Aontas Eorpach | |||
Taisce | Rialtas na hIodáile | |||
Teanga an tsaothair nó an ainm | official languages of the European Union (en) | |||
Suíomh gréasáin | europa.eu… |
Dún
Le conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2009, tugadh cumhachtaí nua déanta dlíthe do Pharlaimint na hEorpa agus cuireadh ar comhchéim í le Comhairle na nAirí i dtaca le cinneadh a dhéanamh i dtaobh cad a dhéanann an tAE agus conas a chaitear airgead. Chomh maith leis sin, d’athraigh sé an tslí ina n-oibríonn an Pharlaimint i gcomhar le hinstitiúidí eile agus thug sé tuilleadh tionchair do na Feisirí ar lucht reáchtála AE.[3]