Cumann Lúthchleas Gael
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cumann spóirt agus cultúrtha Éireannach agus idirnáisiúnta é Cumann Lúthchleas Gael (CLG) (Béarla: Gaelic Athletic Association (GAA)), atá dírithe don chuid is mó ar na cluichí Gaelacha a chur chun cinn: iomáint, peil ghaelach, cluiche corr, liathróid láimhe. Tugann an eagraíocht tacaíocht láidir freisin don Ghaeilge, agus tá an aidhm sin mar chuid lárnach d'imeachtaí an chumainn. Is í an eagraíocht is mó in Éirinn, le 800,000 ball ón sé mhilliún a chónaíonn ar an oileán.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | bord rialaithe spóirt idirnáisiúnta | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1884 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | peil Ghaelach | ||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | |||||
Suíomh gréasáin | gaa.ie | ||||
Is iad peil Ghaelach agus iománaíocht na cluichí is coitianta a chuireann CLG chun cinn, agus na cluichí is mó sa tír. Tá cumainn ar leith eile do chamógaíocht agus peil Ghaelach na mBan - Cumann Peil Gael na mBan agus Cumann Camógaíochta na nGael.
Rinne an cumann comóradh ar 125ú bliain na heagraíochta sa bhliain 2009.