Eisteddfod
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le hEisteddfod ná comórtas a bhíonn ar siúl sa Bhreatain Bheag de ghnáth, chomh maith le tíortha eile. Mar shampla, Tionóltar eisteddfod i bPatagóin na hAirgintíne freisin, áit ina gcónaíonn cainteoiri Breatnaise i gceantar Chubut. Glacann scríbhneoirí, amhránaithe agus ceoltóirí, i measc daoine eile, páirt ann. Tionóltar Eisteddfodau (uimhir iolra) éagsúla ach tá clú ar Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige ach go háirithe.