Gleann na Claise Móire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Gleann na Claise Móire ar an trinse leanúnach geografach, thart ar 6,000 ciliméadair ar fad, a ritheann ó Ghleann Beqaa sa Liobáin, sa Mheánoirthear go dtí Mósaimbíc, sa taobh thoir theas den Aifric.[1] Baintear úsáid áirithe as an ainm i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann meastar go bhfuil sé neamhchruinn ó thaobh na geolaíochta de, nó ní thugann sé aitheantas do na córais difriúla atá i gceist, gaolmhar is uile mar atá siad, mar shampla na córais scoilteanna agus córais na n-éasc.
Cineál | Scoiltghleann | ||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Mór-roinn | an Afraic | ||||
| |||||
Codanna | Monts Kundelungu Abarim (en) Mount Elgon (en) Mitumba Mountains (en) Kibara Mountains (en) Golan (fr) | ||||
Tréithe | |||||
Toisí | 4,830 () km | ||||
Trasnaíonn | an Eiritré, an Aetóip, Djibouti, an tSúdáin Theas, an Chéinia, Uganda, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an Bhurúin, an Tansáin, an Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc, an tSaimbia agus an tSiombáib | ||||
Sa lá atá inniu ann, is minic a bhaintear úsáid as an téarma le tagairt a dhéanamh do Chlais na hAfraice Thoir, teorainn plátaí dibhéirseacha a shíneann ó Chumar triarach na nAfarach ó dheas ar fud oirthear na hAfraice, agus é i mbun an phróisis scoilte Phláta na hAfraice ina dhá phláta nua ar leithligh. Tugann na geolaithe go ginearálta an Pláta Núibiach agus an Pláta Somálach ar na plátaí i mbéal forbartha.