Guais (péint)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Saghas péinte teimhní uiscedatha is ea guais (Béarla: gouache), a dtugtar dath tathagach nó póstaerdhath uirthi freisin. [1]
D'úsáidtí í san Éigipt ársa agus i rith na Meánaoise, go háirithe chun lámhscríbhinní a mhaisiú. Le linn na hAthbheochana, bhain Dürer úsáid as guais ina sceitsí de radhairc tíre is ainmhithe.
Is féidir í a úsáid le peann luaidhe, uiscedhathanna, nó peann is dúch.[1]