Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta (17 Deireadh Fómhair)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ón mbliain 1992 i leith, tá an 17 Deireadh Fómhair ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta (International Day for Eradication of Poverty), nó an Lá Idirnáisiúnta chun an Fhíorbhochtaineacht a Dhíothú.[1] Is é an aidhm atá ann deireadh a chur leis an mbochtaineacht, nó éalú ó chuing na bochtaineachta. Ba mhaith leis na Náisiúin Aontaithe an fhís sin a fhíorú ar deireadh thiar. Is Lá é chomh maith chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí agus do streachailt na ndaoine atá beo bocht agus chun deis a thabhairt dóibh a n-ábhair bhuartha a chur chun tosaigh.[2]
Fíricí Gasta Cineál, Ainmnithe in ómós ...
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | bochtaineacht |
Bailíocht | 29 Deireadh Fómhair 2003 - |
Lá | 17 Deireadh Fómhair |
Bunaitheoir(í) | Joseph Wresinski agus na Náisiúin Aontaithe |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Dún