An Pholainnis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Pholainnis (język polski, polszczyzna) an teanga is líonmhaire cainteoirí i bhfoghrúpa Iartharach na dteangacha Slavacha. Tá sí á labhairt ag tríocha ocht milliún duine sa Pholainn féin. Thairis sin, tá pobail mhóra de lucht imirce á labhairt sna Stáit Aontaithe, san Fhrainc, sa Ghearmáin, san Astráil agus ina lán tíortha eile. Tá sí á saothrú ag mionlaigh dhúchasacha sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Bhealarúis agus san Úcráin. Thairis sin, bíonn intleachtóirí sna tíortha seo á foghlaim agus á húsáid le leas a bhaint as na saothair thaighde a fhoilsítear sa Pholainn agus as Polainnis, nó is minic a bhíonn cúrsaí a dtíortha féin á gcardáil ansin. Teanga thábhachtach is ea an Pholainnis do gach duine a bhíonn ag plé le léann Oirthear na hEorpa. Tríd is tríd, is féidir a mhaíomh go bhfuil an Pholainnis ag seasca milliún duine ar fud an domhain.
język polski agus polszczyzna | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 39,700,000 (2019) |
Dúchasach do | Polannaigh, Kashubians (en) , Silesians (en) , Frýdek-Místek District (en) , an Pholainn, Žilina agus Lviv Oblast (en) |
Stáit | an Pholainn |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Bailt-Slavacha teangacha Slavacha teangacha Slavacha iartharacha Lechitic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Council for the Polish Language (en) |
Staidéar ag | Polish studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | pl |
ISO 639-2 | pol |
ISO 639-3 | pol |
Glottolog | poli1260 |
Ethnologue | pol |
ASCL | 3602 |
IETF | pl |