Siondróm an tolláin charpaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Laige san ordóg is an lámh, le heanglach nó griofadach san ordóg is na méara cóngaracha é Siondróm an tolláin charpaigh. Tarlaíonn sé mar thoradh ar chomhbhrú ar an néaróg mheánach a thugann seirbhís don chraiceann sa réigiún sin is í ag dul trí chrios fíochán a ghabhann mórthimpeall an rosta (an tollán carpach). Is dolúbtha an tollán carpach, agus cuireann sé brú ar an néaróg mheánach má atann fíocháin istigh ann. Is féidir go dtarlóidh a leithéid le húsáid athchleachtach an rosta i gclóscríobh, tiomáint gluaisteáin is spóirt áirithe, agus bíonn baint aige le riochtaí áirithe cosúil le toircheas, an sos míostraithe, airtríteas réamatóideach, diaibéiteas is hipirtheannas. Is sampla é de ghortú athstraidhneála, cosúil le huillinn leadóige. Is féidir go maolófar ar na siomptóim trí scíth a ghlacadh nó cléithín ar an rosta, ach uaireanta is gá obráid ar an rosta chun an brú ar an néaróg a scaoileadh.[1]
Cineál | nerve compression syndrome (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | néareolaíocht agus ortaipéide |
Cliniciúil | |
Comharthaí | wrist pain (en) |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | TTR agus SH3TC2 |
Aicmiú | |
ICD-10 | G56.0 agus G56.00 |
ICD-9 | 354.0 |
CIAP | N93 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 115430 |
DiseasesDB | 2156 |
MedlinePlus | 000433 |
eMedicine | 1243192, 327330, 822792 agus 388525 |
MeSH | D002349 |
UMLS CUI | C0007286 |
DOID | DOID:12169 |