De réir an Bhíobla, thug Maois na hIosraeilítigh go dtí an tír tar éis 40 bliain sa bhfásach. Bhí géarleanúint ar na hIosraeilítigh le linn dóibh bheith i ngéibheann ag na Bablónaigh, agus arís cuireadh chun siúil iad tar éis am Chríost, nuair a leagadh an dara Teampall. Níor fhan ach an-bheagán díobh sa tír go dtí gur thosaigh buíon bheag ag filleadh ag deireadh an 19ú haois.