Whakatere-tū-tonu
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Whakatere-tū-tonu (2190m os cionn leibhéal na farraige) suite tuairim is 80 ciliméadar ó chathair Christchurch ar Oileán Theas na Nua-Shéalainne ar imeall Shliabh Alpa Theas láimh le Mánna Canterbury. Tugtar Mount Hutt air i mBéarla. Tá an fhána sciála is mó ar an Oileán Theas ann (3.65 chiliméadar cearnaithe), agus í ar oscailt ó Mhí an Mheithimh go Mí Dheireadh Fómhair. Bóthar géar garbh a thugann suas thú, agus tugtar "Mount Shut" ar an áit mar leasainm toisc an bóthar a bheith dúnta chomh minic sin de dheasca drochaimsire.
Fíricí Gasta Cineál, Suíomh ...
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Ashburton District, An Nua-Shéalainn (en) | |||
| ||||
Sliabhraon | Southern Alps / Kā Tiritiri o te Moana (en) | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 2,086 m | |||
Dún