Úsáideoir:MALA2009/Ghrianchóras
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá sa Ghrianchóras ná an Ghrian agus na réada neamhaí sin atá teoranta léi ag an imtharraingt. Is iad atá sna réada seo ná na hocht bpláinéad, an 166 gealach aitheanta a bhaineann leo, cúig abhacphláinéad, agus na billiúin réad beag. I measc na réad beag áirítear astaróidigh, réada oighreata a bhaineann le crios Kuiper, cóiméid, dreigeoidigh agus deannach idirphláinéadach.
Maidir le réigiúin chairte an Ghrianchórais, tá an Ghrian, ceithre phláinéad laistigh dhomhanda, an crios astaróideach, ceithre ollphláinéad lasmuigh gáis, crios Kuiper agus an diosca scaipthe. D’fhéadfadh go bhfuil scamall hipitéiseach Oort ann fosta agus é achar tuairim is míle uair níos faide anonn thar na réigiúin chairte.
Leathann sruth plasma ón Ghrian (ar a dtugtar an ghrianghaoth) ar fud an Ghrianchórais. Cruthaíonn sé seo boilgeog sa mheán idir-réaltach ar a dtugtar an héilisféar a leathnaíonn amach go lár an diosca scaipthe.
Is iad seo a leanas na hocht bpláinéad de réir achair ón Ghrian:
Ó lár na bliana 2008, rangaítear cúig réad níos lú mar abhacphláinéid. Tá Ceres sa chrios astaróideach agus fithisíonn na ceithre cinn eile an Ghrian ar an taobh thall de Neiptiún: Plútón (a rangaíodh ina naoú pláinéad tráth), Haumea, Makemake, agus Eris.
Fithisíonn satailítí nádúrtha sé cinn de na pláinéid agus trí cinn de na habhacphláinéid. Tugtar “gealacha” ar na satailítí sin de ghnáth mar gheall ar Ghealach an Domhain. Tá gach ceann de na pláinéid lasmuigh timpeallaithe ag fáinní pláinéadacha de dheannach agus de cháithníní eile.