Úsáideoir:MALA2009/Meiriceá Theas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Meiriceá Theas an ilchríoch dheisceartach de Chríocha Mheiriceá, agus tá sí suite go hiomlán sa Leathsféar Thiar leis an gcuid is mó di sa Leathsféar Theas. Tá cuid réasúnta bheag di sa Leathsféar Thuaidh. Tá teorainneacha aici ar an iarthar leis an Aigéan Ciúin, agus ar an tuaisceart agus ar an oirthear leis an Aigéan Atlantach. Tá Meiriceá Thuaidh agus Muir Chairib suite ar an iarthuaisceart.
D’ainmnigh na cartagrafaithe Martin Waldseemüller agus Matthias Ringmann an ilchríoch Meiriceá Theas sa bhliain 1507 as Amerigo Vespucci ― an chéad Eorpach a thug le tuiscint nárbh iad na hIndiacha Thoir a bhí ann ar chor ar bith ach Domhan Nua nach raibh ar eolas ag na hEorpaigh.
Tá achar 17,840,000 km² (6,890,000 míle²) ag Meiriceá Theas, nó beagnach 3.5% de dhromchla iomlán an Domhain. Mar a bhí in 2005, measadh an daonra ar bhreis agus 371,090,000. Tá Meiriceá Theas rangaithe sa cheathrú háit ó thaobh achair de (i ndiaidh na hÁise, na hAfraice agus |Mheiriceá Thuaidh) agus sa chúigiú háit ó thaobh daonra de (i ndiaidh na hÁise, na hAfraice, na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh).