An Albáinis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is teanga Ind-Eorpach í an Albáinis (Gjuha Shqipe [ˈɟuˌha ˈʃciˌpɛ] nó Shqip [ʃcip] sa teanga féin). Tá sí ina haicme féin i measc na dteangacha Ind-Eorpacha, nó tá sí chomh breac le hiasachtaí ó theangacha eile agus go bhfuil sé deacair a rá go cruinn cá bhfuil sí i gcrann ginealais na fine teangacha.
- Maidir le teanga Cheilteach na hAlban féach Gaeilge na hAlban.
- Maidir le teanga Ghearmáinice na hAlban féach Albainis.
Fíricí Gasta Gjuha shqipe, Cineál ...
Gjuha shqipe | |
---|---|
Cineál | teanga, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 6,200,000 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Albanian alphabet (en) |
Institiúid caighdeánaithe | Acadamh Eolaíochtaí na hAlbáine |
Staidéar ag | albanology (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | sq |
ISO 639-2 | alb |
ISO 639-3 | sqi |
ISO 639-5 | sqj |
Glottolog | alba1267 |
Linguasphere | 55-AAA-a |
Ethnologue | sqi |
ASCL | 3901 |
IETF | sq |
Dún
Labhraítear í san Albáin, sa Chosaiv agus i gceantair áirithe i Montainéagró agus i bPoblacht na Macadóine in oirdheisceart na hEorpa. Labhraítear canúintí Albáinise i ndeisceart na hIodáile (mar Arbëreshë) agus sa Ghréig (mar Arvanitika) freisin. Tá thart ar shé mhilliún cainteoirí Albáinise ar fud an domhain.