An Bíobla
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá sa Bhíobla ná focal Dé, de réir mar a mheasann na Críostaithe agus na Giúdaigh. Tagann "Bíobla" ón nGréigis: (τα) βιβλια, (ta) biblia, "na leabhair", iolra an fhocail βιβλιον, biblion, "leabhar". Tá dhá phríomhroinn sa Bhíobla, an Sean-Tiomna agus an Tiomna Nua. Baineann an Sean-Tiomna leis an Seanreacht, conradh nó beartas sollúnta slánaithe a socraíodh le linn Mhaois, agus tá an Tiomna sin scríofa in Eabhrais, cé is moite de shleachta i nDainéil agus in Eazrá atá scríofa in Aramais. Baineann an Tiomna Nua leis an Reacht Nua, ré Íosa Críost, agus i nGréigis atá sé scríofa.
(en) The Holy Bible (es) Santa Biblia (eu) Biblia (pt) Bíblia Sagrada (sr) Света Библија (it) Bibbia (fr) La Bible (eo) la Biblio (sl) Biblija | |
---|---|
Cineál | téacs reiligiúnach agus collection of literary works (en) |
Cárta innéacs | |
Teanga | Eabhrais an Bhíobla, An Aramais agus An Ghréigis choitianta |
Codanna | an Sean-Tiomna Tiomna Nua Bíobla Eabhraise |
Tréith | |
Seánra | litríocht reiligiúnach agus téacs reiligiúnach |
Suíomh scéalaíochta | An Meánoirthear |
Eile | |
Aicmiúchán deachúil Dewey | 220 |
Ní féidir liosta buan a dhéanamh de leabhair an tSean-Tiomna mar athraíonn siad de réir an leagain atá i gceist. Is ionann na chéad seacht leabhair a leanas i ngach Bíobla.