An Chairéilis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Fhinneach is ea an Chairéilis. Tá an teanga seo á labhairt i bPoblacht na Cairéile in iarthuaisceart na Rúise. Tá an teanga an-chosúil leis an bhFionlainnis ach níl siad intuigthe go rómhaith ag cainteoirí a chéile.
karjalan kieli | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 35,600 (2010) |
Dúchasach do | An Chairéil Theas, An Chairéil Thuaidh, Poblacht na Cairéile, Cúige Mhurmansk, Cúige Tver, Cúige Leningrad agus an Chairéil |
Stáit | an Rúis agus an Fhionlainn |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Úralacha teangacha Fionn-Úgracha teangacha Fion-Pheirmeacha Finno-Volgaic (en) Finno-Samic (en) Finnic (en) Northern Finnic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
Cóid | |
ISO 639-2 | krl |
ISO 639-3 | krl |
Glottolog | kare1335 |
Ethnologue | krl |
UNESCO | 1518 |
IETF | krl |
Endangered languages | 2368 |
Labhraítear an Chairéilis i bPoblacht na Cairéile thar aon áit eile. Thairis sin, tá sí ó dhúchas ag dornán daoine i gCúige Tver, níos faide ó dheas sa Rúis. Rinne na Cairéalaigh imirce go Tver i ndiaidh na bliana 1617, nuair a thit fód a ndúchais leis an tSualainn, agus eagla orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu ar chúiseanna reiligiúin.
Is deacair a rá, cá mhéad duine a labhraíonn an teanga inniu. Bhí sí á labhairt ag tríocha míle duine san Fhionlainn féin roimh an Dara Cogadh Domhanda, ach nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an chuid den Chairéil a bhain leis an bhFionlainn, scaipeadh na Cairéalaigh seo ar fud na Fionlainne. Ansin, ligeadh an teanga i ndearmad, go háirithe nuair a d'fhás an chéad ghlúin eile aníos, agus iad ag foghlaim na Fionlainnise mar phríomhtheanga. Mar sin féin, glactar leis go bhfuil Cairéilis ag deich míle duine, a bheag nó a mhór, san Fhionlainn.
Ní mór cuimhne a choinneáil air gur minic a thugann na Fionlannaigh "Cairéilis" ar an gcineál Fionlainnise a labhraítear faoin tuath in Oirthear na Fionlainne inniu, go háirithe timpeall Joensuu. Ní Cairéilis atá ann ach canúint Fionlainnise nach bhfuil mórán difríochta idir í agus canúintí eile an oirthir i ndiaidh an iomláin. Scéal eile ar fad gur chuir cuid mhór fíor-Chairéalaigh fúthu sa taobh seo den tír i ndiaidh an chogaidh, go háirithe i Valtimo, ceantar tuaithe i dtuaisceart chúige na Fionlainne Thoir. Tá tionchar na gCairéalach le haithint i gcónaí ar shaol, ar chanúint agus ar chultúr Valtimo.
Cé go bhfuil na Rúisigh ina dtromlach i bPoblacht na Cairéile sa Rúis inniu, is féidir teacht ar shráidbhailte faoin tuath ansin i gcónaí ina bhfuil Cairéilis ó dhúchas ag gach aon duine. Cairéalach is ea duine as gach naonúr (11 % den daonra) i bPoblacht na Cairéile, ach is follasach nach bhfuil an teanga ag gach duine a deir gur Cairéalach é féin.
Is deacair aon teanga scríofa amháin a chaighdeánú don Chairéilis. Is gnách trí phríomchanúint a aithint:
- an Fhíor-Chairéilis (Fionlainnis: varsinaiskarjala, Rúisis: собственно карельский, sobstvenno karelskiy). Tá fochanúint Thuaisceartach na Fíor-Chairéilise (Fionlainnis: vienankarjala, viena) an-chosúil leis an bhFionlainnis, agus is féidir a mhaíomh nach bhfuil ann ach canúint de chuid na Fionlainnise. Maidir le fochanúint Dheisceartach na fíor-Chairéilise (Fionlainnis: eteläkarjala), tá an tionchar Rúisise i bhfad níos láidre uirthi, agus í sách dothuigthe ag na Fionlannaigh. Leis an ngrúpa seo a bhaineann canúint Tver, mar shampla
- Cairéilis Olonets (Fionlainnis: aunuksenkarjala, Cairéilis Olonets: livvi, Rúisis: ливвиковский, livvikovskiy). Labhraítear an chanúint seo timpeall Olonets.
- Lúidis (Fionlainnis: lyydi, Lúidis: lüüdin kiel´). Tá an chanúint seo á labhairt timpeall Kondopoga (Fionlainnis: Kontupohja) agus Pryazha (Fionlainnis: Prääsä).