An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh
conradh Eorpach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Conradh Eorpach (CETS 148) a daingníodh i 1992 faoi choimirce Chomhairle na hEorpa chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn san Eoraip is ea an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh[1] (Béarla: European Charter for Regional or Minority Languages; Fraincis: Charte européenne des langues régionales ou minoritaires). Ní thugann an chairt aon sainmhíniú ar cad is teanga réigiúnach nó mionlaigh ann, agus fágadh an cinneadh sin faoi na stáit náisiúnta éagsúla.
Cineál | cairt agus conradh |
---|---|
Lonnaithe | Bas-Rhin |
Tír | an Fhrainc |
Teanga | Béarla agus an Fhraincis |
Príomhábhar | cearta teanga |
Cruthú | 5 Samhain 1992 |
Dáta foilsithe | 5 Samhain 1992 |
Obair iomlán | Téacs iomlán |
Níl feidhm ag an gcairt ach le teangacha a úsáideann saoránaigh na stát go traidisiúnta (agus sa chaoi sin, fágtar teangacha a úsáideann inimirceoirí ó stáit eile as an áireamh), agus atá sách difriúil ó theanga an tromlaigh nó ón teanga oifigiúil (agus sa chaoi sin, fágtar canúintí as an áireamh),[2] agus a bhfuil bunús críochach leo (.i. teangacha a labhraítear go traidisiúnta i réigiúin nó i gceantair laistigh den Stát) nó a úsáideann mionlaigh theangeolaíochta laistigh den Stát ina iomláine (rud a chuireann teangacha ar nós Giúdais agus Romainis san áireamh).
Ní rangaítear teangacha atá oifigiúil laistigh de réigiún nó cúige ar leith (mar shampla an Chatalóinis sa Spáinn) mar theangacha oifigiúla an Stáit, agus dá bharr sin d’fhéadfadh na pobail sin leas a bhaint as an gCairt. Ar an láimh eile, ní raibh Poblacht na hÉireann in ann an Chairt a shíniú ar son na Gaeilge (cé gur teanga mhionlaigh í) toisc gurb í an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta. Dhaingnigh an Ríocht Aontaithe an Chairt ar son (i measc teangacha eile) na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, na hAlbainise agus Gaeilge na hAlban in Albain, agus ar son na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Cé gur sínitheoir í an Fhrainc, tá bac bunreachtúil uirthi an Chairt a dhaingniú ar son teangacha mionlaigh na Fraince.
Soláthraíonn an chairt go leor gníomhartha a d'fhéadfadh stáit a dhéanamh chun teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn. Tá dhá leibhéal cosanta ann — ní mór do gach sínitheoir an leibhéal cosanta is ísle a chur i bhfeidhm ar theangacha ábhartha. Is féidir le sínitheoirí a dhearbhú freisin go mbainfidh teanga nó teangacha leas as an leibhéal cosanta níos airde, ina sonraítear raon gníomhaíochtaí nach mór do stáit 35 acu ar a laghad a chur i ngníomh.