An Chaismír
Réigiún tíreolaíoch / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is réigiún i dtuaisceart fho-ilchríoch na hIndia san Áise í an Chaismír. Ón mbliain 1947 anuas, tá úinéireacht na Caismíre ina cnámh spairne idir an India, an Phacastáin agus Daon-Phoblacht na Síne. Tá codanna den réigiún faoi rialú na dtrí náisiún úd, mar atá, Jammu agus an Chaismír faoi smacht na hIndia, Azad Kashmir agus Gilgit-Baltistan faoi smacht na Pacastáine agus Aksai Chin agus an Limistéar Tras-Karakorum faoi smacht Dhaon-Phoblacht na Síne.[1][2][3]
An Chaismír | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Críoch á éileamh ag | an India an Phacastáin | ||||
Stát ceannasach | Daon-Phoblacht na Síne | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,945,000 (1941) | ||||
• Dlús | 22.41 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | An Chaismíris | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 68,000 mi² |
Insan chéad leath den chéad mhílaois, d'éirigh an Chaismír ina ionad tábhachtach don Hiondúchas agus ní ba dhéanaí don Bhúdachas; ní ba dhéanaí fós, sa 9ú haois, tháinig an creideamh úd Seaghvachas na Caismíre ar an saol.[4] Sa bhliain 1339, tháinig Shah Mir i réim mar an chéad rialtóir Moslamach ar an gCaismír, tús an Salatin-i-Kashmir (rí-theaghlach Shah Miri nó Swati).[5] Bhí an Chaismír ina cuid de Impireacht na Mughal ó 1586 go 1751, agus ansin go dtí 1820, de Impireacht Afgánach na Durrani.