An Eastóinis
teanga oifigiúil na hEastóine / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Eastóinis (eesti keel [ˈeːsti ˈkeːl]) teanga oifigiúil na hEastóine. Tá an teanga ag 1.1 milliún duine san Eastóin, agus ag roinnt phobal timpeall an domhain chomh maith. Is teanga Fhionn-Úgrach í, a bhfuil gaol gar aici leis an bhFionlainnis. Is é an rud is mó a tharraing súil na dteangeolaithe ar an Eastóinis ná go n-aithníonn an teanga fuaimeanna gearra, fada agus "sárfhada".
eesti keel | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha, macraitheanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,251,770 (2012) |
Dúchasach do | Eastónaigh agus an Eastóin |
Stáit | an Eastóin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Úralacha teangacha Fionn-Úgracha teangacha Fion-Pheirmeacha Finno-Volgaic (en) Finno-Samic (en) Finnic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Estonian Braille (en) |
Institiúid caighdeánaithe | Institute of the Estonian Language (en) |
Staidéar ag | Estonian studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | et |
ISO 639-2 | est |
ISO 639-3 | est |
Glottolog | esto1258 |
Ethnologue | est |
ASCL | 1601 |
IETF | et |
Cé gur teanga Fhinne-Úgrach í, agus gaol sách dlúth aici leis an bhFionlainnis, tá deacrachtaí tábhachtacha idir an dá theanga. Tá comhréiteach na ngutaí an-tábhachtach san Fhionlainnis agus sna teangacha Finne-Úgracha go léir (beagnach!), ach tá sé imithe as an Eastóinis go hiomlán, a fhad is atá an teanga chaighdeánach i gceist: cuir an focal Fionlainnise köhä agus an ceann Eastóinise köha ("casachtach" is brí don dá fhocal) i gcomparáid le chéile. Is í an riail san Fhionlainnis ná nach gceadaítear an guta cúil /a/ ar lorg an ghuta tosaigh /ö/ - ach is í an riail san Eastóinis ná nach gceadaítear gutaí tosaigh ach sa chéad siolla.
Tá stór focal na hEastóinise níos saibhre i bhfocail idirnáisiúnta ná an Fhionlainnis fosta, agus maidir leis na focail iasachta, tháinig an chuid ba mhó acu ón nGearmáinis. Mar sin, is iad na focail Ghearmáinise is minice a fhreagraíonn d'iasachtaí Sualainnise na Fionlainnise san Eastóinis. Sampla tipiciúil is é an focal köster (Küster ón nGearmáinis) san Eastóinis agus lukkari (klockare) san Fhionlainnis - "maor eaglaise" is ciall don dá fhocal.
Tá dhá phríomhchanúint ann: an Eastóinis Thuaidh agus an Eastóinis Theas. Tá an-difríochtaí eatarthu, agus is minic a deirtear gur dhá theanga iad. Tá a traidisiún liteartha féin ag an Eastóinis Theas, fiú - tá caighdeán liteartha na hEastóinise proper bunaithe ar chanúintí an Tuaiscirt don chuid is mó. I mblianta an tSóivéadachais bhí sé coiscthe ar fad Eastóinis Theas a chleachtadh mar theanga scríofa, ach d'athraigh an scéal nuair a bhain an Eastóin amach a neamhspleáchas arís. Mar sin féin, níl ach meas na canúna ag an gcuid is mó de na hEastónaigh uirthi.