An Néamharais
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceann de na teangacha móra i Neipeal is ea an Néamharais.[1] Ní mór í a aithint thar an Neipeailis, nach bhfuil gaolmhar léi ar aon nós. Ceann de na teangacha Tibéideach-Burmacha is ea an teanga Nepal Bhasa, agus í gaolmhar leis an Tibéidis agus, fiú, leis an tSínis.
नेवाः भाय् | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,000,000 |
Dúchasach do | pobal Néamharach, Biohár, Sikkim, Beangál Thiar agus Bagmati Zone (en) |
Stáit | Neipeal agus an India |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Sín-Astrainéiseacha teangacha Sín-Tibéadacha Himalayish (en) Mahakiranti (en) Newari-Thangmi (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | script Dhéiveanágrach agus Ranjana (en) |
Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
Cóid | |
ISO 639-2 | new |
ISO 639-3 | new |
Glottolog | newa1247 |
Ethnologue | new |
UNESCO | 1117 |
IETF | new |
Is í an t-aon teanga amháin de chuid an ghrúpa sin a scríobhtar síos leis na litreacha Deiveanágracha, nó is le teangacha Ind-Eorpacha na hIndia is mó a shamhlaítear an aibítir sin.
Ba í Nepal Bhasa teanga riaracháin Neipeal ón 14ú haois go dtí go déanach san 18ú haois. Ag tosnú ag tús an 20ú haois d'fhulaing an teanga géarleanúint oifigiúil[2] Ón mbliain 1952 go 1991, thit céatadán na ndaoine i nGleann Kathmandu a labhair an teanga ó 75% to 44%,[3] Tá bagairt ar chultúr agus teanga an phobal Newar.[4] Liostálann UNESCO Nepal Bhasa mar theanga atá "i mbaol cinnte".[5]