An Phortaingéilis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Phortaingéilis teanga náisiúnta na Portaingéile, chomh maith le 5 dtír neamhspleách eile ar fud an domhain. Labhraíonn timpeall is 280 milliún duine ó dhúchas í ar fud an domhain, agus céad milliún eile mar dhara teanga nó mar theanga iasachta. Mar sin, tá sí ar theangacha móra an domhain, agus meastar go bhfuil sí ar an tséú teanga is líonmhaire cainteoirí.
português agus português | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 221,000,000 (2019) |
Dúchasach do | an Phortaingéil agus Na hAsóir |
Stáit | an Phortaingéil, an Bhrasaíl, an Spáinn, Angóla, Rinn Verde, an Téaváin, Tíomór Thoir, Guine Bissau, Poblacht Mhósaimbíc agus São Tomé agus Príncipe |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha teangacha Rómánsacha Iartharacha teangacha Gall-Ibéaracha teangacha Ibéar-Rómánsacha teangacha Iar-Ibéaracha Galician-Portuguese (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Portaingéilise agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | International Portuguese Language Institute (en) , Community of Portuguese Language Countries (en) , Brazilian Academy of Letters (en) agus Sciences Academy of Lisbon (en) |
Staidéar ag | Portuguese studies (en) |
Stair | history of Portuguese (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | pt |
ISO 639-2 | por |
ISO 639-3 | por |
Glottolog | port1283 |
Linguasphere | 51-AAA-a |
Ethnologue | por |
ASCL | 2302 |
IETF | pt |
Chuaigh an teanga ar fud an domhain nuair a bhunaigh na Portaingéalaigh a n-impireacht choilíneach. Inniu, tá sí ar an tseachtú teanga is líonmhaire cainteoirí. Is í an Phortaingéilis atá ó dhúchas ag duine as gach beirt i Meiriceá Theas, cé nach labhraítear ach in aon tír amháin í - an Bhrasaíl, ar ndóigh.
Cé go bhfuil dlúthghaol ag an bPortaingéilis leis an Spáinnis, rud atá le haithint ar an ngramadach ach go háirithe, tá fuaimeanna na teanga níos cosúla leis an bhFraincis agus leis an gCatalóinis, nó bíonn gutaí doiléire agus gutaí srónacha le cloisteáil sa Phortaingéilis.
Mar cheann de theangacha móra an domhain, is léir gur teanga mhór litríochta agus filíochta í freisin. Is é an cur síos a thug duine d'fhilí móra na Brasaíle ar a theanga dhúchais ná bláth deireanach Latium, chomh fiáin, chomh hálainn.