An Platónachas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Mórscoil fhealsúnach de chuid na sean-Ghréige is ea an Platónachas, agus é bunaithe ar theagasc Phlatón (429-347 RCh), fealsamh a mhair san Aithin.
Áitíonn an Platónachas go bhfuil beitheanna ann atá intuigthe iontu féin agus atá neamhspleách ar na céadfaí. Tá leaganacha éagsúla den Phlatónachas ann: na hidéanna i gcoitinne, mar a chuir Platón agus Agaistín síos orthu; na huimhreacha, de réir thuairimí Jamblique de Chalcis nó Albert Lautman; an loighiceachas, mar a chuireann Gottlob Frege agus fealsúna eile síos air. Teoiric í, in éineacht leis an ainmneachas (Uilliam ó Ockham) agus leis an gcoincheapachas (Pierre Abélard), a thugann léargas ar an gciall atá leis na coincheapa cognaíocha (idéanna, uimhreacha, ábhar tairiscintiúil).