An Spáinnis
teanga Rómánsach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Spáinnis nó Caistílis teanga náisiúnta na Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó de Mheiriceá Theas agus Láir. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, i Meicsiceo agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidineach. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Is teanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh na Laidine í. Tugtar Castellano ar an gcaighdeán oifigiúil go minic, is é sin, an Chaistílis, nó teanga Chúige na Caistíle. Dealraíonn sé gur tháinig an Spáinnis, mar theanga nó mar chanúint ar leith, ar an bhfód i gCantabria i dtuaisceart na Spáinne, ach ansin, chuaigh sí in úsáid sa Chaistíl freisin. Sa bhliain 1492, foilsíodh an chéad ghramadach chaighdeánach don Spáinnis. Sa bhliain chéanna, chuaigh Críostóir Colambas, nó Cristobal Colón, mar a thugann na Spáinniseoirí air, i dtír san Oileán Úr, agus chuir sé an chéad tús leis an ngabháltas millteanach, an Conquista nó an Concas, a rinne na Spáinnigh ansin. Thug siad a dteanga leo, agus ní raibh aon mhoill ar na bundúchasaigh í a fhoghlaim. Mar sin, is í an Spáinnis an teanga Rómánsach is líonmhaire cainteoirí inniu. Creidtear go bhfuil sí ó dhúchas ag ceithre chéad is deich milliún duine, agus an uimhir sin ag dul in airde. Mar sin, tá an Spáinnis ar theangacha móra an domhain, agus is fiú í a fhoghlaim, de réir gach caighdeán.