An tSeirbea-Chróitis
Teanga Shlavach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Seirbea-Chróitis nó Cróite-Sheirbis a thugtar ar an teanga atá á labhairt sa Chróit, sa tSeirbia, sa Boisnia-Heirseagaivéin agus i Montainéagró. Sa chiall chúng, ba í an tSeirbea-Chróitis an leagan caighdeánaithe a bhí in úsáid oifigiúil san Iúgslaiv sna blianta 1954-1991, sa bhreis ar an tSlóivéinis agus ar an Mhacadóinis. Tá an teanga chaighdeánaithe seo bunaithe ar an gcanúint úd štokavski, go háirithe ar an leagan di ar a dtugtar novoštokavski, is é sin, štokavski nua. Cé go bhfuil na Bosnaigh, na Seirbiaigh, na Crótaigh agus na Montainéigrínigh féin ag iarraidh caighdeáin dá gcuid féin a fhorbairt, níl siad ag iarraidh aon chanúint eile seachas an novoštokavski a úsáid mar dhúshraith don chaighdeán nua.
srpskohrvatski jezik, hrvatskosrpski jezik, хрватскосрпски језик, српскохрватски језик, хрватскосрпски, српскохрватски, hrvatskosrpski agus srpskohrvatski | |
---|---|
Cineál | teanga, macraitheanga, teanga bheo agus teanga pholalárnach |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 19,000,000 (2022) |
Stáit | An Bhoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia, an Chróit agus Montainéagró |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Bailt-Slavacha teangacha Slavacha teangacha Slavacha deisceartacha Western South Slavic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Gaj's Latin alphabet (en) , Serbian Cyrillic alphabet (en) , Aibítir Choireallach agus aibítir Laidineach |
Staidéar ag | Serbo-Croatian studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | sh |
ISO 639-2 | luach ar iarraidh |
ISO 639-3 | hbs |
Glottolog | sout1528 |
Linguasphere | 53-AAA-g |
Ethnologue | hbs |
ASCL | 3507 |
IETF | sh |
Dealraíonn sé gurbh é an teangeolaí Slóivéanach Jernej Kopitar ba luaithe a bhain úsáid as an téarma féin "Seirbea-Chróitis", cé gur féidir gurbh é an Slóvacach Pavel Jozef Šafárik a chéadcheap an focal. Is é ainm eile a bhí in úsáid san am ná "Illíris", ach tá sé níos coitianta "Illíris" a thabhairt ar an tseanteanga hipitéiseach as ar fhorbair an Albáinis. Faoi lár na naoú haoise déag, chaighdeánaigh na teangeolaithe Seirbiacha agus Crótacha an teanga in éineacht, ionas go mbeadh sé indéanta úsáid a bhaint as na litreacha Coireallacha agus Laidineacha araon leis an teanga a bhreacadh síos. Ba é an béaloideasóir Seirbiach Vuk Stefanović Karadžić a bhí i gceannas ar an gcaighdeánú Coireallach, agus an Crótach Ljudevit Gaj agus an Seirbiach Đuro Daničić a shocraigh an ceartlitriú Laidineach. Bhí sé i gceist acu go mór mór go seasfadh gach litir Choireallach d'aon litir amháin sa leagan Laidineach agus a mhalairt, rud a fhágann go bhfuil leagan Seirbiach na haibítre Coireallaí sách difriúil leis an leagan Rúiseach. Mar shampla, is mar Югославия a scríobhann na Rúisigh ainm na hIúgslaive, ach is é Југославија an leagan Seirbise. (Jugoslavija an litriú Cróitise.)
Is ar éigean a úsáideann na cainteoirí féin an téarma sin "Seirbea-Chróitis" inniu, ach mar sin féin tá sé praiticiúil "Seirbea-Chróitis" a thabhairt ar na leaganacha éagsúla caighdeánacha atá bunaithe ar an gcanúint úd novoštokavski.