Bitheolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an bhitheolaíocht an brainse eolaíochta a dhéanann staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-ainmhithe agus na bplandaí, lena n-áirítear struchtúr, feidhm, fás, éabhlóid, dáileadh, agus tacsanomaíocht.
Réimse ollmhór agus eicléicteach is ea an bhitheolaíochta nua-aimseartha, comhdhéanta de go leor brainsí agus fodhisciplíní.
Mar sin féin, in ainneoin raon leathan na bitheolaíochta, tá coincheapa ginearálta áirithe aici a rialaíonn gach staidéar agus taighde, agus a chomh dhlúthaíonn í isteach i réimsí aonaracha leanúnacha.
Go ginearálta, aithníonn an bhitheolaíocht an chill mar an t-aonad bunúsach den saol, géinte mar aonad bunúsach na hoidhreachta, agus an éabhlóid mar an t-inneall a thiomáineann sintéis agus cruthú speiceas nua. Tuigtear freisin inniu go dtagann gach orgánach slán tré fhuinnimh a ídiú agus a athrú agus tríd a dtimpeallacht inmheánach a rialáil sa chaoi is go mbeadh sí cobhsaí agus beoga.
Sainítear fodhisciplíní na bitheolaíochta tríd scála na n-orgánach a bhíonn faoi scrúdú, agus na modhanna a úsáidtear chun staidéar a dhéanamh orthu: scrúdaíonn an bhithcheimic an cheimic rudim uraiceacht ceimic na beatha; an bhitheolaíocht mhóilíneach na hidirghníomhaíochtaí casta idir móilíní bitheolaíochta; an luibheolaíocht bitheolaíocht na bplandaí; an bhitheolaíocht na gceall bun-bhloic tógála an bheathra uilig, an chill; Scrúdaíonn an fhiseolaíocht feidhmeanna fisiceacha agus ceimiceacha na bhfíochán, na n-orgán, agus córas orgánach ar n-orgánach; Scrúdaíonn an bhitheolaíocht éabhlóideach na próisis a tháirgtear éagsúlacht na beatha; agus scrúdaíonn an éiceolaíocht conas a n-idirghníomhaíonn orgánaigh ina dtimpeallacht.