Ionsaithe buamála ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán (1974)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an rud a bhí i gceist le buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, 1974. Seasann an lá seo, agus buamáil na hÓmaí (15/8/1998) mar cheann de na laethanta ab fhuiltí i stair nua-aimseartha na tíre.[1]
Cineál | ionsaí buamála |
---|---|
Dáta na bliana | 17 Bealtaine 1974 |
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire Muineachán, Éire |
Sprioc | sibhialtach |
Líon básanna | 34 |
Líon gortaithe | 300 |
Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo (nó 34, leanbh sa bhroinn ina measc), agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair na dTrioblóidí.
Cé nár mhaígh aon eagraíocht ar leith freagracht as na hionsaithe, glactar leis go coitianta gur dream paraimíleata (an Drong Glennane) de chuid na nDílseoirí (an UVF) i dTuaisceart Éireann a rinne an obair, le cúnamh ó dhaoine san RUC agus san UDR..[2] Tugadh le fios i dtuarascáil an Bhreithimh Henry Barron[3] maidir leis an sléacht, a foilsíodh fiche bliain ó shin, go raibh baint dhíreach ag saighdiúirí i reisimint UDR na Breataine agus ag póilíní san RUC leis na hionsaithe.[4]
Táthar den bharúil freisin go raibh aonaid eile in Arm na Breataine bainteach leis na dílseoirí a bhí freagrach as na buamaí ach níl an t-eolas ar fad ar fáil mar nach bhfuil Rialtas na Breataine sásta na comhaid chuí a fhoilsiú. Cháin an Breitheamh Barron an Garda Síochána agus Rialtas na hÉireann na linne chomh maith faoi fhaillí a dhéanamh san fhiosrúchán.[4] Níor cúisíodh aon duine riamh maidir leis an uafás.