Cúisín broma
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is cúisín broma[1] ann ná bréagán inséidte a úsáidtear chun bob a bhualadh ar dhuine. De ghnáth, cuirtear ar nó faoi chathaoir é, agus nuair a shuíonn duine éigin air, déanann sé fuaim cosúil le broim.
D'úsáidtí cúisíní broma fiú sa ré ársa. Deirtear go mbaineadh an tImpire Rómhánach Elagabalus taitneamh as cleasanna a imirt ar chuairteoirí ag cóisirí dinnéir agus go gcuireadh sé cúisíní broma faoi chathaoireacha na ndaoine is mórchúisí.[2] Deirtear go gcuireadh Ziyadat Allah III, éimír Ifriqiya sa 10ú haois, lamhnáin ainmhithe séidte i bhfolach faoi chúisíní ina pháláis ionas go suífeadh aíonna orthu.[3]
Ba é JEM Rubber Co. in Toronto, Ontario, Ceanada a cheap an cúisín broma nua-aimseartha, a bhí déanta as rubar, sna 1930idí.[4] Chuaigh úinéir na cuideachta i dteagmháil le Samuel Sorenson Adams, fear gnó a chruthaigh go leor bréagán den sórt seo, ach cheap Adams go raibh sé “rógháirsiúil”. Thairg JEM an smaoineamh don Johnson Smith Company, agus d'éirigh an táirge go breá leo. Chuir Adams a leagan féin ar an margadh ina dhiaidh sin, ar thug sé “Razzberry Cushion” air.[4]