Capall folaíochta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Capall rása, an pór capall is tapa a saothraíodh i Sasana le haghaidh rásaíochta, in ann rith níos tapa ná 65 km san uair. Timpeall 1.6 m ar airde, grástúil lúfar sochorraithe. Iad go léir de shliocht 3 stail Arabach ó thús an 18ú céad (Darley Arabian, Godolphin Barb, is Byerley Turk).[1]