Ba é Cath Boyacá sa Cholóim, tír a dtugtaí Granada Nua uirthi tráth, an cath a chuir ar chumas na Colóime neamhspleáchas ón Spáinn a bhaint amach, cé gur lean an troid le fórsaí ríoga na Spáinne go ceann roinnt blianta eile. Tharla an cath ar an 7 Lúnasa 1819.
Cath Boyacá |
Péinteáil Chath Boyacá, neamhspleáchas na Cholóime, Veiniséala, Eacuadór agus Phanama ón Spáinn a bhí de thoradh air. Ar taispeáint i bPálás na Cónaidhme, Caracas, Veiniséala. |
Dáta: |
7 Lúnasa, 1819 |
Áit: |
Boyacá, An Cholóim |
Toradh: |
Bua poblachtach |
Céilí comhraic |
*Arm na gcomhalta neamhspleách. *Óglaigh ón gcoigrích
- Léigiún Briotanach na Ríochta Aontaithe
|
*Arm ríoga |
|
Ceannasaithe |
|
Slua |
|
Taismigh |
13 marbh, 53 gortaithe. |
100 marbh, 150 gortaithe, 1600 gafa. |
|
Poblachtaigh Cholómacha agus Veiniséalacha a bhí in arm na gComhghuaillithe, mar aon le Léigiún Briotanach, agus an tArd-Bhriogáidire Francisco de Paula Santander agus José Antonio Anzoátegui i gceannas orthu. Taobh istigh de dhá uair an chloig threascair an t-arm sin fórsaí na naimhde, a bhí faoi cheannas José María Barreiro agus Francisco Jiménez, beirt choirnéal Spáinneacha.