Cnòideart
leithinis in Albain / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceantar (nó sgìre) suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Cnòideart[1] atá suite idir Linne Shlèiteach, Loch Nibheis agus Loch Shubhairne. Sa bhliain 2001 bhí 98 duine [2] ina gcónaí ann agus is é Inbhir Aoidhe an baile is mó. Ní féidir dul ann ach i mbád nó de shiúl na gcos. Tá óstán in Inbhir Aoidhe a bhfuil cáil air mar an t-óstán is iargúlta ar mhórthír na Breataine, agus is é An tSeancheárta (The Old Forge) [3] an t-ainm atá air. Ina theannta sin tá caifé, siopa, oifig an phoist agus oifig eolais ann. Tugtar Na Garbh Chrìochan (Na Garbhchríocha ) ar an gceantar i dtuaisceart Chnòideart.
Cineál | Leithinis | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Glinn Eilg, Scotland | |||
Suíomh | Loch Abar | |||
| ||||
Is limistéar náisiúnta sárscéimhe é Cnòideart,[4] agus tá sé tarraingteach do choisithe toisc go bhfuil sé an-iargúlta agus go bhfuil Beanntan Rothaic, a leithéid agus Ladhar Bheinn, Luinne Bheinn, Meall Buidhe agus Sgùrr na Cìche ann. Chomh maith leis sin bíonn sé tarraingteach do siúlóir cnoc agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa dúlra agus san fhiadhúlra.