Cogadh Cathartha na Rúise
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cogadh a troideadh in Impireacht na Rúise ab ea Cogadh Cathartha na Rúise, a mhair ón mbliain 1917 go dtí 1922. Thosaigh sé go gairid i ndiaidh do rialtas sealadach na Rúise titim agus na Boilséivigh an chumhacht a shealbhú i Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Chuaigh na cúrsaí chun donais nuair a rinne Léinín lánscor ar Chomhthionól Bunreachta na Rúise agus, go háirithe, nuair a shínigh sé Conradh Síochána Brest-Litovsk i Mí Márta 1918, nó d'fhág an Conradh sin cuid mhór d'Iarthar na Rúise ag na Gearmánaigh. B'iad an dá thaobh sa chogadh ná na Dearga - is é sin, na Boilséivigh - agus na Bána, is é sin, iad siúd nach raibh sásta an chumhacht a fhágáil acu. Thairis sin, áfach, bhí go leor "tiarnaí cogaidh" áitiúla ann a bhí ag cur a gcatha féin, agus nach furasta a aicmiú mar "bhána" ná mar "dhearga". Ar ndóigh, d'fhéach stáit eile a ladar a chur sa chogadh freisin nó a mbuntáiste féin a ghlacadh ar laige na Rúise. Tar éis cheithre bliana cogaidh, b'iad na Boilséivigh a ghnóthaigh an báire, agus bhunaigh siad stát Cumannach, an tAontas Sóivéadach, sa bhliain 1922. Sna blianta 1918-1920 ba mhó a bhí an troid á cur.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cineál | cogadh cathartha coinbhleacht armtha |
---|---|
Cuid de | Réabhlóidí 1917–1923 |
Tréimhse | 7 Samhain 1917 - 25 Deireadh Fómhair 1922 |
Suíomh | Poblacht na Rúise an Mhongóil, An Mhongóil Túva, An Rúis Qajar Iran (en) Russian Socialist Federative Soviet Republic (en) Russian Democratic Federative Republic, Russian Socialist Federative Soviet Republic (en) |
Tír | Impireacht na Rúise, An tAontas Sóivéadach agus Daon-Phoblacht na hÚcráine |
Rannpháirtí | |
Codanna | |