Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
Comórtas Amhránaíochta ins an Eorap / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comórtas Eorpach bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (nó Comórtas Amhrán Eoraifíse uaireanta; Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson)[1] ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Téacs mana | United by Music |
---|---|
Cineál | annual music competition (en) saincheadúnas teilifíse political event (en) |
Ainmnithe in ómós | Eurovision (en) |
Bailíocht | 1956 - |
Tréimhse | 1956 - |
Fad ama | 2 h agus 4 h |
Bunaithe ar | Sanremo Music Festival (en) |
Mór-roinn | An Eoraip, An Áise, An Aigéine agus an Afraic |
Eagraí | European Broadcasting Union (en) |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla agus an Fhraincis |
Seánra | songwriting competition (en) |
Eile | |
Nation in the Eurovision Song Contest (en) | |
Eurovision Song Contest entry (en) | |
Eurovision Song Contest edition (en) | |
Suíomh gréasáin | eurovision.tv |
Haischlib | #eurovision agus #ESC |
Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar an teilifís beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is fearr sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann de na stáisiúin teilifíse atá ina mbaill den ACE. Tá sé mar thasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.
Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathnaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is mó ar domhain seachas tionóil lúthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 milliún agus 600 milliún le blianta beaga anuas.[2][3] Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas.[4][5][6] Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon.[7]