Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2018
comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2018 / From Wikipedia, the free encyclopedia
Reáchtáladh Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2018 an 63ú heagrán de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse i Liospóin sa Phortaingéil[1]. Bhí sé thír is fiche páirteach sa chraobh. 43 tír ar fad a bhí páirteach sa chomórtas i mbliana.
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2018
"All Aboard!" – "Gach duine faoi réir!" | ||
---|---|---|
Dátaí | ||
Babhta leathcheannais 1 | 8 Bealtaine 2018 | |
Babhta leathcheannais 2 | 10 Bealtaine 2018 | |
Finale | 12 Bealtaine 2018 | |
Óstach | ||
Ionad | MEO Arena, Liospóin, An Phortaingéil | |
Craoltóir | Rádio e Televisão de Portugal (RTP) | |
Rannpháirtithe | ||
Iontrálacha | 43 | |
Céaduaire: | Ceann ar bith | |
Tíortha ag filleadh: | An Rúis | |
Tíortha a tharraing siar: | Ceann ar bith | |
Rannpháirtíocht | ||
██ Tíortha páirteacha ██ Tíortha nár airleacan chun an deiridh ón deiridh leath. ██ Tíortha nár ghlac páirt i 2018 | ||
Vóta | ||
Córas vótála | Giúiré gairmiúil agus televoting. Tugann gach tír 12, 10, 8 .. 1 pointí go an amhráin is fearr. | |
Amhrán a bhuaigh | Iosrael "Toy" | |
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse | ||
Chas Ryan O'Shaughnessy an t-amhrán "Together" agus sheinn sé ar a ghiotár chomh maith. Is as Loch Sionnaigh i dtuaisceart Chontae Átha Cliath é Ryan. Tháinig iarracht na hÉireann sa séú háit déag, a háit is airde ó 2011.
Bhí an bua ag Netta ó Iosrael leis an amhrán “Toy”. Nuair a bhí sí ag canadh ar an ardán, bhí sí ag damhsa cosúil le sicín ag an am céanna.
Nuair a bhí SuRie ag canadh don Ríocht Aontaithe tháinig fear ar an ardán gan chead. Thóg sé a micreafón, ach tar éis cúpla soicind fuair sí ceann eile agus lean sí leis an amhrán.