Comhdháil Wannsee
From Wikipedia, the free encyclopedia
Reáchtáladh Comhdháil Wannsee ar 20 Eanáir 1942 chun bearta agus gníomhartha an SS, na ranna rialtais agus roinnt áisíneachtaí eile a chomhordú d'fhonn dlús a chur le cinedhíothú na nGiúdach, a bhí faoi smacht na Naitsithe agus a gcuid comhghuaillithe.[2][3]
| ||||
Cineál | comhdháil | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 20 Eanáir 1942 | |||
Suíomh | Villa Marlier, An Ghearmáin (en) | |||
Rannpháirtí | ||||
Bhí RSHA SS-Obergruppenführer Reinhard Heydrich i gceannas uirthi. Dlíodóirí ab ea ochtar den chúigear déag a ghlac páirt sa chruinniú
- Bühler, thar ceann Rialtas Ginearálta na Polainne;
- Freisler, thar ceann Aireacht an Dlí agus Cirt;
- Klopfer, thar ceann an Pháirtí Naitsíoch;
- Kritzinger, thar ceann Sheansailéireacht an Reich;
- Lange agus Schöngarth, thar ceann an SS agus na seirbhísí um shlándáil an stáit;
- Meyer, thar ceann na hAireachta um na Críocha san Oirthear faoi Fhorghabháil;
- Stuckart, thar ceann Aireacht na nGnóthaí Baile.
D'éag triúr acu roimh dheireadh an chogaidh: Freisler, Lange agus Meyer (féinmharfóir); ciontaíodh Bühler agus Schöngarth i gcoireanna cogaidh agus crochadh iad (i 1948 agus i 1946 faoi seach).[2]
Ciontaíodh Stuckart (a bhí i measc na dteoiricithe Naitsíocha ní ba thábhachtaí maidir lena gcuid polasaithe agus gníomhartha in aghaidh na nGiúdach) mar chuid de Thriail na nAireachtaí, ach gearradh 'seal caite' air agus scaoileadh é sa bhliain 1949.
Thug Kritzinger fianaise i dTrialacha Nurnberg agus dúirt sé go raibh náire air faoi na gníomhartha faoi chaibidil i Wannsee. Fuair sé bás sa bhliain 1947, gan aon chúis choiriúil a chur ina leith. Níor cuireadh aon chúis maidir le coireanna cogaidh i leith Klopfer mar gheall ar easpa fianaise agus atosaigh sé ag dlíodóireacht sa bhliain 1956. Fuair sé bás sa bhliain 1987 agus é bliain is ochtó d'aois.[2]