Coróin an Tuaiscirt
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is réaltbhuíon bheag thuaisceartach é Coróin an Tuaiscirt a ndéanann a chuid réaltaí stua leathchiorclach. Tá an réaltbhuíon seo ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus bhí sé freisin ar cheann de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Thug na Sean-Ghréagaigh Stephanos Ariadnēs (.i. "Fleasc Airianna") ar Choróin an Tuaiscirt agus Stephanos (.i. "Fleasc") ar Choróin an Deiscirt. Corona Borealis an t-ainm Laidine a thugtar ar Choróin an Tuaiscirt.
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
Ainm Laidine (IAU) | Corona Borealis |
---|---|
Nod | CrB |
Ginideach Laidine | Coronae Borealis |
Siombalaíocht | Coróin an Tuaiscirt |
Dronairde | 16 h |
Diallas | +30° |
Achar | 179 céim cearnach Céim 73ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 1 |
Réalta is gile | α CrB (Alphecca, nó Gemma) (méid 2.2) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −50° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Dún