Cré Shíneach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cré íon is ea an chré Shíneach, agus í cruthaithe as dianscaoileadh na hiathchloiche as eibhear. Comhdhéanta as an mianra caolainít, ar sileacáit hidriúil alúmanaim í. Úsáidtear í i ndéanamh poircealláin mhín, agus mar líonach i ndéanamh páipéar is péinteanna. Úsáidtear í go teiripeach sa tSín leis na céadta bliain.[1]