Creathán bainne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Deoch fhuar is ea creathán bainne[1] atá déanta de bhainne, d'uachtar reoite agus d'ábhar milis eile ar nós seacláide, torthaí, brioscaí . Doirtear isteach i ngloiní airde í de ghnáth agus cuirtear uachtar buailte ar a barr. Is féidir le daoine í a dhéanamh sa bhaile ach de ghnáth ceannaítear i mbialanna í agus i mbialanna mearbhia go háirithe.
Fíricí Gasta Cineál, Tionscnaimh ...
Cineál | deoch, deoch neamh-mheisciúil agus táirge bainne measctha |
---|---|
Tionscnaimh | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Comhábhair | bainne |
Dún
Is féidir í a ullmhú le fearas bialainne nó í a dhéanamh ar an toirt leis na comhábhair éagsúla.