Dara Cogadh na mBórach
From Wikipedia, the free encyclopedia
B'é Dara Cogadh na mBórach (nó an Dara Cogadh Angla-Bórach[1]) an cogadh a chuir an Bhreatain Mhór ar na Bóraigh, ó 11 Deireadh Fómhair 1899 go dtí an 31 Bealtaine 1902.[2] Bhí Paul Kruger ina uachtarán ar an Transvaal ag an am, ceann de na ceantair a bhí ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na Breataine ansiúd.[3]
stair mhíleata na hAfraice Theas | |
---|---|
Cineál | cogadh |
Dáta | 11 Deireadh Fómhair 1899 (Iúlach) – 31 Bealtaine 1902 |
Áit | an Afraic Theas |
Rannpháirtithe | Impireacht na Breataine, An Saorstát Oráisteach, Poblacht na hAfraice Theas, Robert Gascoyne-Cecil, Joseph Chamberlain, Alfred Milner, Frederick Roberts, Redvers Buller, Paul Kruger, Louis Botha, Schalk Willem Burger, Koos de la Rey, Martinus Theunis Steyn, Christiaan de Wet, Piet Cronjé, Piet Joubert, Ceanada, Réimeas Briotanach, Coilíneacht na Nua-Shéalainne, an Astráil agus An tSiolóin Bhriotanach |
Bhí dhá phoblacht neamhspleách ag na Bóraigh, mar atá, an Saorstát Oráisteach agus Poblacht Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an Impireacht Bhriotanach. I ndiaidh cath fada faidréiseach a chur ar na Sasanaigh, chaill na poblachtaí seo an cogadh, agus rinneadh cuid den Impireacht díobh.
Ba le linn an Dara Cogadh Angla-Bórach a throid Arm na Breataine an cath ba mhó ó aimsir an Chogaidh Chriméigh sna 1850idí, Cath Colenso sa bhliain 1899 agus Éireannaigh go leor ar an dá thaobh.[4]