Extremadura
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhphobal féinrialaitheach í Extremadura atá suite in iarthar na Spáinne. Tá sé roinnte idir cúigí Badajoz agus Cáceres. Is í Mérida an phríomhchathair cé gurb í Badajoz an chathair is mó. Daonra timpeall milliún duine atá ann. Tá sé ar theorainn na Portaingéile thiar, agus Andalucia ó dheas.
Extremadura | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Himno de Extremadura | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Mérida | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,059,501 (2021) | ||||
• Dlús | 25.45 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 41,634 km² | ||||
Pointe is airde | Calvitero (en) (2,401 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1883 | ||||
Éarlamh | Our Lady of Guadalupe (Extremadura) (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Extremadura | ||||
• Ceannaire an rialtais | María Guardiola (en) (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-EX | ||||
Cód NUTS | ES43 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | juntaex.es |
Ba as Extremadura a tháinig na conquistadores ba cháiliúla ón Spáinn. Rugadh Hernán Cortés, Francisco Pizarro, Pedro de Alvarado agus ceannairí cáiliúla eile ann agus tá go leor cathracha i Meiriceá Thuaidh agus Theas ainmnithe i ndiaidh a mbailte dúchais. Chuaigh an-chuid daoine as an áit ar imirce agus is dá bharr sin atá an daonra chomh híseal anois. Conaíonn na daoine i mbailte agus i gcathracha agus is annamh a fheictear tithe aonair feirme faoin tuath.
Ciallaíonn an t-ainm Extremadura 'an taobh thall den Duoro', agus tugadh é ar na tailte a bhí ar theorainn na gcríocha Críostaí nuair a bhí an Spáinn roinnte idir iad agus na Múraigh.
Tá Zafra, sa deisceart, ar cheann de na cathracha is áille sa Spáinn, agus tá raidhse caisleán agus eaglaisí ar fud na mbailte.
Is é Extremadura an réigiún is boichte sa Spáinn, ach le blianta beaga anuas tá an-chuid tógála ar bun agus mótarbhealaigh á ndéanamh idir cathracha móra na tíre.