Fearbán
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cineál an-mhór an-éagsúil plandaí bliantúla is ilbhliantúla, cuid acu uisciúil. Coitianta ar fud an chuid is mó den Domhan, ach go príomha sa leathsféar thuaidh. Na duilleoga caol iomlán, nó leathan roinnte. Na bláthanna cupánchruthach le 5 pheiteal nó sheipeal go minic (sa ghéineas Ranunculus ach go háirithe), snasta buí, ach uaireanta bán nó dearg. Blas searbh agus nimhiúil d'ainmhithe, a sheachnaíonn iad, rud is cúis lena bhflúirseacht i bhféaraigh.
Fíricí Gasta Ranunculaceae, Tacsanomaíocht ...
Ranunculaceae | |
---|---|
lus buí Bealtaine | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ranunculales |
Fine | Ranunculaceae Juss., 1789 |
Cineál tacsanomaíoch | Ranunculus |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum |
Dún
Tá timpeall is 1,700 speiceas fearbán ann. Is é Ranunculus an géineas is mó díobh úd agus 600 speiceas i gceist. Tagann ainm an ghéinis ón Laidin: Rānaculus (frog beag). Géinis mhóra eile is ea Delphinium (365 speiceas), Thalictrum (330), Clematis (325), agus Aconitum (300).