Ficsean eolaíochta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Seánra ficsin is ea an ficsean eolaíochta (nó an finsceolaíocht uaireanta) a dhéanann tuairimíocht ar an todhchaí agus ar na forbairtí ardteicneolaíochta a bheidh i ndán dúinn. Tá ráchairt mhór inniu ar an bhficsean eolaíochta ina lán meán éagsúil cosúil le leabhair, seónna teilifíse, scannáin, ríomhchluichí, amharclannaíocht agus araile. Ní féidir i gcónaí an ficsean eolaíochta a aithint thar sheánraí eile den chineál ficsin ar a dtugtar ficsean tuairimeach air, cosúil leis an litríocht fantaisíochta agus an litríocht uafáis.
Cineál | speculative/fantastic fiction genre (en) agus téarma litríochta |
---|---|
Tréith | |
Príomhábhar | eolaíocht agus teicneolaíocht |
Is é an phríomhdhifríocht idir an ficsean eolaíochta agus an litríocht fantaisíochta go mbíonn craiceann inchreidte éigin ar imeachtaí an fhicsin eolaíochta agus é bunaithe ar an eolaíocht agus ar na dlíthe nádúrtha, nó ar a laghad, go mbíonn na himeachtaí éadóchúla ag brath ar ghléasra ardteicneolaíochta a bhfuil cuma réasúnta inchreidte air de réir shaoltaithí an léitheora. Bíonn na scríbhneoirí ag iarraidh cur síos a thabhairt ar an saol difriúil a bheadh ann dá mbeadh na haireagáin ardteicneolaíochta ann i ndáiríre agus ar na difríochtaí idir ár sochaí féin agus an tsochaí a bheadh ann ansin. Ansin atá cuid mhór den draíocht a chuireann an ficsean eolaíochta ar an léitheoir, agus bíonn idéanna spéisiúla den chineál sin níos tábhachtaí, go minic, ná an charachtracht agus an phlotáil. Sin é an tuige go dtugtar "litríocht na n-idéanna" ar an bhficsean eolaíochta chomh maith.
Ar na saintréithe seo is minic a aithnítear an ficsean eolaíochta:
- Tá na himeachtaí suite i malairt saoil agus i malairt staire: cuir i gcás go bhfuil Hitler tar éis an Dara Cogadh Domhanda a ghnóthú (Fatherland le Robert Harris, SS-GB le Len Deighton, nó The Man in the High Castle le Philip K. Dick), nó an Ghaeilge á labhairt go forleathan ag uasal is ag íseal ar fud na hÉireann (A.D. 2016 le Pádraig Standún).
- Tá na himeachtaí suite amuigh sa spás i bhfad ón Domhan, agus neachanna eachtardhomhanda ag baint leis an bplota.
- Tá teicneolaíocht ann nach bhfuil ag cloí le dlíthe an nádúir mar is aithin dúinn iad inniu.
- Cuid den scéal is ea an dóigh a n-aithnítear dlíthe nua nádúir nach eol dúinn inniu, agus iad á gcur in oiriúint don teicneolaíocht. Samplaí de seo is ea léamh na hintinne (The Demolished Man le Alfred Bester), an cianiompar nó an léim tríd an hipearspás (Tiger, Tiger! le hAlfred Bester, a chuaigh i gcló faoin teideal The Stars My Destination freisin), an róbataic agus na róbait dhaonchosúla (scéalta róbataice le hIsaac Asimov faoi Powell agus Donovan, nó faoi Susan Calvin), an taisteal forsholasach (sárú luas an tsolais), agus araile. Is fiú na scéalta diostóipeacha a lua anseo freisin, is é sin, na scéalta faoin dóigh a gcuireann an teicneolaíocht an tsochaí ó mhaith, ionas go dtagann deachtóireacht agus ollsmacht ar an bhfód (Fahrenheit 451 le Ray Bradbury, Brave New World le hAldous Huxley, 1984 le George Orwell, Mockingbird le Walter Tevis, nó Make Room! Make Room! le Harry Harrison).