Fléam
From Wikipedia, the free encyclopedia
I bplandaí soithíocha, is éard is fléam ann ná an fíochán beo a iompraíonn na comhdhúile orgánacha intuaslagtha a rinneadh le linn na fótaisintéise agus ar a dtugtar fótaisinteáiteanna, go háirithe an siúcra siúcrós,[1] go codanna de na plandaí nuair atá gá leo. Tugtar trasghluaiseacht ar an phróiseas seo.[2] Sna crainn, is é an fléam an ciseal is sia isteach sa choirt, dá bhrí sin díorthaíodh a ainm ón fhocal Gréagach φλοιός (phloios) a chiallaíonn "coirt". Thug Nägeli an téarma isteach sa bhliain 1858.[3][4]