Géinitíopa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is géinitíopa ann ná na géinte a bhíonn ag ball amháin ar leith de chineál orgánach. Úsáidtear an téarma do líon iomlán na ngéinte, nó na géinte ar leith ag lócais shonraithe sa chrómasóm. Táirgeann idirghníomhú tháirgí na ngéinte sin (RNA, próitéiní) le chéile agus leis an gcomhshaol uile ina bhfásann an t-orgánach an feinitíopa, an raon tréithe a bhíonn le brath.[1]