Glútamáit aonsóidiam
From Wikipedia, the free encyclopedia
Oibreán blaistithe a úsáidtear chun blas feola a fheabhsú (MSG i mBéarla), a chuirtear le han-chuid bianna próiseáilte a bhfuil feoil nó úsc feola iontu. Bhíodh scanradh ann go gcuirfí an iomarca MSG sa chothú, mar shampla i mbéilí ó phroinntithe Síneacha. Ach asúitear í i bhfoirm aigéid ghlútamaigh sa cholainn, an t-aimíonaigéad nádúrtha is flúirsí san imshruthú fola, agus b'fhíordheacair a thiúchan sa bhfuil a mhéadú le béile nó dhó. Glactar leis gurbh iarmhairt shíceasómatach é ‘siondróm an phroinntí Shínigh’. Mar sin féin, ní cheadaítear do dhéantúsóirí MSG é a chur i mbianna i gcomhair naíonán is leanaí.[1]
Fíricí Gasta Substaint cheimiceach, Mais mhóilíneach ...
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 169.035 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₅H₈NNaO₄ |
SMILES canónta | Model 2D C(CC(=O)O)C(C(=O)[O-])N.[Na+] |
SMILES isiméireach | [H+].[Na+].N[C@@H](CCC([O-])=O)C([O-])=O |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Pointe leáite | 165 °C |
Pointe dianscaoilte | 225 °C |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Dún