Homafóibe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá i gceist leis an homafóibe ná an homaighnéasacht a ionsaí de dheasca eagla roimh agus mímhuiníne as an éagsúlacht. Ar bhonn níos leithne, is ionann hómafóibe agus fuath, naimhdeas, nó fiú dochar i leith daoine homaighnéasacha nó an béascna homaighnéasach; "tá sé in aghaidh an nádúir, nó mínádúrtha", a deirtear uaireanta.
Feictear homafóibe in aon áit nach bhfuil cearta ag duine aerach. Mothaítear homafóibe cibé áit a luaitear iad mar ghrúpa ar leith.[1] Cloistear homafóibe cibé áit a ainmnítear pósadh aerach mar aoir.