Iarnród Tras-Sibéarach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iarnród é an tIarnród Tras-Sibéarach a tógadh i 1891–1905 ó chathair Chelyabinsk i sléibhte na hÚraile trasna na Sibéire go dtí Vladivostok ar an Aigéan Ciúin. Timpeall an ama chéanna tógadh géagáin ó Ulan-Ude ó dheas go hUlánbátar na Mongóile agus síos go Béising na Síne, agus ó Vladivostok go Harbin is Béising. Tógadh géagán mórthimpeall ar Loch Baikal i 1916. Sna 1960idí-1970idí tógadh géagán fada ó Novosibirsk ó thuaidh ó Loch Baikal go Nikolaevsk-na-Amure ar an Aigéan Ciúin. Is iad na cathracha móra air ná Moscó, Ekaterinburg, Chelyabinsk, Omsk, Novosibirsk, Irkutsk, Ulan Ude, Kharbarovsk agus Vladivostok. Tá an t-iarnród leictrithe anois, ach tógann sé 7 lá taisteal ó cheann go ceann.[1]