Inneall turba-scairde
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iad na scairdinnill is simplí agus is sine iad na hinnill turba-scairde. D'fhorbair an bheirt innealtóir éagsúil, Frank Whittle i Sasana agus Hans von Ohain san Ghearmáin an coincheap, neamhspleách óna chéile, sna tríochaidí.
Tá na turba-scairde comhdhéanta de ionraon aeir, comhbhrúiteoir aeir, cuasán dó, gástuirbín (a thiomáineann aer chuig an chomhbhrúitera) agus soc.
Comhbhrúitear an t-aer isteach sa chuasán, bíonn an teas dócháin freagrach as an aer a fhorleathnú agus a téamh, agus ar aghaidh ansin leis an gás sceite, tríd an tuirbín agus amach as an soc, i gcúrsa luathaithe, a thugann cumhacht tiomána don fheithicil.
Tá na turba-scairde neamhéifeachtach (ag luas níos lú ná Mach2) agus iontach challánach. Bíonn innill turbai-fean in úsáid ag mórchuid aerárthaí na linne seo.